Tá fáilte romhat isteach chuig mo shuíomh gréasáin.

Rugadh agus tógadh mé i gCnoc an Stolaire i bparóiste Ghaoth Dobhair in iarthuaisceart Thír Chonaill. Fuair mé mo chuid bunoideachais i Scoil Chonaill ar an Bhun Bheag agus mo chuid iar-bhunoideachais i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Fein phortraid
D'fhreastail mé ar chúrsa ealaíne (péintéireacht) ina dhiaidh sin, sa Cheardcholáiste Réigiúnach i Leitir Ceanainn (nó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, mar a thugtar air anois).

Tá mé ag tarraingt cartún le níos mó ná fiche bliain anuas. Foilsíodh roinnt acu go háitiúil i nGaoth Dobhair thar na blianta. Tá siad le feiceáil go rialta anois ar beo.ie, suíomh gréasáin do phobal na Gaeilge.

Is iad na cartúnaithe is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná leithéidí Tom Mathews, Gary Larson (The Far Side), Terry Willers, Graeme Keys agus Ian Knox.

Tá mé i mo chónaí i gcathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

Tá súil agam go mbainfidh tú sult as mo chuid oibre agus go dtabharfaidh tú cuairt ar an suíomh seo arís gan mhoill.

Is féidir teachtaireacht a chur chugam ag an seoladh cartuin@eircom.net